Please click here to leave an anniversary message (in any language you choose). You do not need to be a member of Lowlands-L to do so. In fact, we would be more than thrilled to receive messages from anyone. Click here to read what others have written so far.
What’s with this “Wren” thing?
The oldest extant version of the fable
we
are presenting here appeared in 1913 in the first volume of a two-volume anthology
of Low
Saxon folktales (Plattdeutsche
Volksmärchen “Low German Folktales”)
collected by Wilhelm Wisser (1843–1935). Read
more ...
Location:
Port na Binne Uaine (Portstewart), Contae Doire (County Derry), born and raised
in Lorgain (Lurgan), Contae Ard Mhacha (County Armagh), both in Northern Ireland
(Tuaisceart Éireann)
Bhí a nead ag an dreoilín i gcoirnéal an sciobóil. Lá amháin d’imigh an dá éan
ba shine ar eitilt—ba mhian leo rud éigin le hithe a fháil do na cinn óga agus
d’fhág siad ina n-aonar iad.
I ndiaidh tamaill, d’fhill an t-athar dreoilín abhaile chuig an nead.
“Cé a rinne díobhail oraibh, a pháistí? Feictear dom go raibh scanradh
agaibh uilig!”
“Ó a dhaidí,” ar siadsan, “tháinig fear éigin scanrúil ach roinnt bomaite ó shin.
Bhí sé an-scanrúil ar fad! Stán sé ar an nead agus bhí súile móra air agus
bhain sé an t-anam amach asainn!”
“Tuigim,” arsa an t-athair dreoilín, “cá háit a ndeachaigh sé?”
“Bhuel,” a dúirt siad, “Chuaigh sé an bhealach sin—thíos ansin sa choill.”
“Fanaigí anseo!” a dúirt an t-athair dreoilín, “Tá mé ag imeachtn ina dhiaidh.
Ná bíodh imní oraibh, a pháistí, gheobhaidh mé é.” Agus é sin ráite aige, thosaigh
sé ag eitilt óna nead.
Agus d’eitil sé níos faide isteach sa choill, agus thart ar chor, agus
i ndiaidh tamaill tháinig sé ar leon.
Ach ní raibh eagla ar bith ar an dreoilín. Landáláionn sé ar dhroim an leoin
agus tosaíonn ag tabhairt amach dó. “Cén gnó atá agat ag teacht chuig mo bhaile
féin”, a deir sé, “agus mo chlann a scanrú mar sin?!”
Ní thugann an leon aird bith air agus é ag siúl ar aghaidh.
Cuireann sé sin níos mó fearg ar an dreoilín agus tosaíonn sé ag tabhairt amach
nch níos crua arís dó, “Éist liom anois, níl gnó ar bith agat le bheith anseo
ar chor ar bith! Agus má tá sé de mhisneach agat filleadh” a deir sé, “bhuel,
chífidh tú—níor mhaith liom é a dheanamh,” a deir sé agus é ar tí a leathchos
a thógáil, “ach bhrisfinn do dhroim le mo chos i soicind amháin!”
I ndiaidh sin a bheith ráite leis dó, d’eitil sé ar ais chuig a nead.
“Seo anois, a pháistí,” a deir sé, “D’fhoghlaim mé_ceacht maith don leon. Ní
bheidh de mhisneach aige theacht ar ais anseo go deo!”